19 chuir siad cogadh ar na Hagraígh, ar Iatúr, ar Náifís agus ar Nódáb.
20 Tháinig [Dia] i gcabhair orthu ina gcoinne agus tugadh na Hagraígh agus a lucht tacaíochta go léir ar láimh dóibh; óir bhíodar ag guí chun Dé ag troid dóibh, agus de bhrí go raibh muinín acu as, d'éist sé lena nguí.
21 Thugadar leo óna n‑eallach: caoga míle camall, dhá chéad go leith míle caora, dhá mhíle asal agus céad míle fear,
22 óir, de bhrí go raibh Dia i bhfeighil an chatha, leagadh a lán ar lár. Chuir siad fúthu ina n‑áit siúd go dtí an deoraíocht.
23 Chuir sliocht leath-threibh Mhanaise fúthu sa dúiche idir Báiseán agus Bál Hearmón, Sainír agus Sliabh Hearmón. Bhíodar an-líonmhar.
24 Seo iad cinn a bhfiní: Éifir, Ísí, Eilíéil, Aizríéil, Irimia, Hódaiviá, Iachdiéil. Gaiscígh thréana iadsan, fir cháiliúla, cinn a bhfiní
25 Ach chiontaíodar in aghaidh Dhia a sinsear, agus rinneadar striapachas le déithe ciníocha na tíre a scrios Dia rompu.