2 óir d'éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha - mar tháinig flaith ar a shliocht - ach d'fhan ceart na céadghine ag Iósaef.
3 Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc Palú, Heazrón, Cairmi.
4 Clann mhac Ióéil: Seamaiá a mhac; Góg a mhacsan; Simeí a mhacsan;
5 Míceá a mhacsan; Reáiá a mhacsan; Bál a mhacsan;
6 Béará a mhacsan, an té a thug Tigleat Pileisir rí na hAsaíre i ndeoraíocht; flaith de na Reúbaenaigh ab ea é.
7 A ghaolta de réir finí, in ord de réir gaoil: Ieíael an taoiseach, Zacairiá,
8 Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil.Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón.