37 Maráiót a mhacsan, Amairiá a mhacsan, Aichítiúb a mhacsan,
38 Zádóc a mhacsan, Aichímeáz a mhacsan.
39 Seo iad a n‑áitribh de réir teorainneacha a dtailte: Do chlann mhac Árón d'fhine na gCohátach (mar is orthu a thit an crann),
40 thug siad Heabrón i dtír Iúdá, agus a fhéarach máguaird;
41 ach thug siad páirceanna agus sráidbhailte na cathrach seo do Chálaeb mac Iafuna.
42 Do chlann mhac Árón, thug siad na cathracha tearmainn: Heabrón, Libneá agus a thalamh féaraigh, Iaitir, Eistimeo, lena thalamh féaraigh,
43 Híléin lena thalamh féaraigh, Deibír lena thalamh féaraigh,