45 Ó threibh Bhiniáimin thug siad Geaba lena thalamh féaraigh, Ailimit lena thalamh féaraigh, Anatót lena thalamh féaraigh; fuair a bhfiní trí chathair déag ar fad.
46 Tugadh ar cranna don chuid eile de na Cohátaigh, deich gcathracha ó fhiní na treibhe, ón leath-threibh, leath Mhanaise.
47 Tugadh trí chathair déag do na Géirseomaigh de réir a bhfiní, as treibh Íosácár, as treibh Áiséar, as treibh Naftáilí agus as treibh Mhanaise i mBáiseán.
48 Tugadh dhá chathair déag do na Maráraígh de réir a bhfiní, as treibh Reúbaen, as treibh Ghád, agus as treibh Zabúlun.
49 Thug clann Iosrael na cathracha sin lena dtalamh féaraigh do na Léivítigh.
50 Thug siad dóibh chomh maith, de chur crann, na cathracha a ainmníodh uathu as treibh Iúdá, as treibh Shimeon, agus as treibh Bhiniáimin.
51 Tugadh freisin d'fhiní de chlann Chohát cathracha dá gcuid féin de threibh Eafráim.