52 Tugadh dóibh na cathracha tearmainn: Seicim lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, Geizir lena thalamh féaraigh,
53 Iocmám lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh,
54 Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh;
55 as leath-threibh Mhanaise: Ánaer lena thalamh féaraigh, Bileám lena thalamh féaraigh, don chuid eile d'fhiní chlann Chohát.
56 Tugadh do shliocht Ghéirseom as leath-threibh Mhanaise: Gólán i mBáiseán lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh;
57 agus as treibh Íosácár: Ceidis lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh.
58 Rámot lena thalamh féaraigh agus Ánaem lena thalamh féaraigh;