54 Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh;
55 as leath-threibh Mhanaise: Ánaer lena thalamh féaraigh, Bileám lena thalamh féaraigh, don chuid eile d'fhiní chlann Chohát.
56 Tugadh do shliocht Ghéirseom as leath-threibh Mhanaise: Gólán i mBáiseán lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh;
57 agus as treibh Íosácár: Ceidis lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh.
58 Rámot lena thalamh féaraigh agus Ánaem lena thalamh féaraigh;
59 as treibh Áiséar: Máiseál lena thalamh féaraigh, agus Abdón lena thalamh féaraigh,
60 Húcoc lena thalamh féaraigh, agus Rachob lena thalamh féaraigh;