56 Tugadh do shliocht Ghéirseom as leath-threibh Mhanaise: Gólán i mBáiseán lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh;
57 agus as treibh Íosácár: Ceidis lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh.
58 Rámot lena thalamh féaraigh agus Ánaem lena thalamh féaraigh;
59 as treibh Áiséar: Máiseál lena thalamh féaraigh, agus Abdón lena thalamh féaraigh,
60 Húcoc lena thalamh féaraigh, agus Rachob lena thalamh féaraigh;
61 as treibh Naftáilí: Ceidis sa Ghailíl lena thalamh féaraigh, Hamón lena thalamh féaraigh, Ciriátaím lena thalamh féaraigh.
62 Don chuid eile de na Maráraígh, tugadh as treibh Zabúlun, Rimeonó lena thalamh féaraigh, Tábór lena thalamh féaraigh;