11 Rinne cinn finí de na mic seo go léir le hIdíael, laochra tréana, seacht míle dhéag dhá chéad fear réidh chun cogaidh.
12 Siúipím agus Huipim. Clann mhac Ír: Huisim; a mhacsan Achaer.
13 Clann mhac Naftáilí: Iachzael, Gúiní, Iéizir, Sealúm. Ba iadsan clann Bhileá.
14 Clann mhac Mhanaise: Aisríael, a rug a leannán Aramach; rug sí Mácaír athair Ghileád.
15 Fuair Mácaír bean do Huipim agus Shiuipím. Mácá ab ainm dá dheirfiúr. Ainm an dara duine díobh ab ea Zalofachád. Bhí iníonacha ag Zalofachád.
16 Rug Mácá, bean Mhácaír, mac ar ar thug sí Péiris; Seiris ab ainm dá dheartháir. Úlám agus Ráicim a mhic.
17 Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise.