16 Rug Mácá, bean Mhácaír, mac ar ar thug sí Péiris; Seiris ab ainm dá dheartháir. Úlám agus Ráicim a mhic.
17 Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise.
18 Rug a dheirfiúr Hamomaileit Íseod, Aibiézir agus Machlá.
19 Bhí clann mhac ag Simíodá: Aichián, Seicim, Licí, Ainíám.
20 Clann mhac Eafráim: Siútalach, Beirid a mhac, Tachat a mhacsan, Eileádá a mhacsan, Tachat a mhacsan,
21 Zábád a mhacsan, Siútelach a mhacsan; Eizir agus Eileád. Mharaigh muintir Ghat [a bhí ag cur fúthu sa tír] iad mar gur thángadar anuas chun foghail a dhéanamh ar a n‑eallach.
22 Chaoin Eafráim a n‑athair iad ar feadh mórán laethanta agus tháinig a dheartháireacha chun sólás a thabhairt dó.