3 Clann mhac Uizí: Iozraichiá. Clann mhac Iozraichiá: Míocáéil, Obaidiá, Ióéil, Ísíá; cúigear taoiseach ar fad;
4 bhí acu, de réir gaoil agus fine, líon slua de thríocha sé mhíle, mar bhí a lán ban agus leanaí acu.
5 Bhí gaolta acu i measc finí Íosácár go léir, ochtó seacht míle gaiscíoch groí agus iad go léir i gceap na haon chraoibhe.
6 Biniáimin: Beala, Beicir, Idíael; triúr.
7 Clann mhac Bheala: Eazbón, Uizí, Uizíael, Irímeot agus Írí; cúigear, cinn finí, laochra tréana; áiríodh iad fiche dó míle tríocha ceathair de réir ginealaigh.
8 Clann mhac Bheicir: Zimíreá, Ióáis, Eilíeizir, Eilióaenaí, Omraí, Iréamót, Aibíá, Anatót, Álaimit. Ba clann mhac le Beicir iadsan go léir.
9 Ba cheap aontaithe de réir gaoil iad, fiche míle dhá chéad fear, cinn a bhfiní, laochra tréana.