7 Clann mhac Bheala: Eazbón, Uizí, Uizíael, Irímeot agus Írí; cúigear, cinn finí, laochra tréana; áiríodh iad fiche dó míle tríocha ceathair de réir ginealaigh.
8 Clann mhac Bheicir: Zimíreá, Ióáis, Eilíeizir, Eilióaenaí, Omraí, Iréamót, Aibíá, Anatót, Álaimit. Ba clann mhac le Beicir iadsan go léir.
9 Ba cheap aontaithe de réir gaoil iad, fiche míle dhá chéad fear, cinn a bhfiní, laochra tréana.
10 Clann mhac Idíael: Bileán. Clann mhac Bhileán: Ieúis, Biniáimin, Éahúd, Canáná, Zaetán, Tairsís, Aichíosáchar.
11 Rinne cinn finí de na mic seo go léir le hIdíael, laochra tréana, seacht míle dhéag dhá chéad fear réidh chun cogaidh.
12 Siúipím agus Huipim. Clann mhac Ír: Huisim; a mhacsan Achaer.
13 Clann mhac Naftáilí: Iachzael, Gúiní, Iéizir, Sealúm. Ba iadsan clann Bhileá.