27 Iaraisiá, Éilíá, Zicrí - ba iadsan clann mhac Iarochám.
28 Ba iadsan na cinn fine, ceannairí, in ord de réir gaoil. Bhí cónaí orthu i Iarúsailéim.
29 Bhí cónaí i nGibeón ar Aibí Gibeón, agus Mácá ab ainm dá bhean.
30 Abdón a chéadghin; ansin Zúr, Cís, Bál, [Néar], Nádáb,
31 Gadór, Aichió, Zeicir,
32 Micleot - eisean athair Shimeá. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta in Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta.
33 Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál.