36 Ghin Áchaz Iahóadá. Ghin Iahóadá Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá.
37 Ghin Mózá Bineá; Ráfá a mhac; Eileásá a mhacsan: Ázael a mhacsan.
38 Bhí seisear mac ag Ázael darbh ainm: Aizríceám, [Bocarú,] Ísmeáéil, Seairiá, Obaidiá agus Hánán. Ba chlann mhac le Ázael iadsan go léir.
39 Clann mhac Éisic a dheartháir: Úlám a chéadghin, Ieúis a dhara mac, Eilífilit a thríú mac.
40 Ba ghaiscígh thréana iad clann Úlám, agus saigheadóirí. Bhí sliocht mór orthu féin, agus ar a sliochtsan arís, céad go leith díobh. Ba de chlann Bhiniáimin iad go léir.