6 Seo iad clann mhac Éachúd (ba chinn fine iadsan den lucht cónaithe i nGeaba, agus tugadh ar deoraíocht iad go Mánáchat):
7 Námán, Aichíá, Géará - eisean a rug ar deoraíocht iad - ghin sé Uzá agus Aichíchiud.
8 Ghin sé Seacharaím i mbánta Mhóáb tar éis dó a mhná Húisím agus Bárá a chur i leataobh.
9 Rug a chéad bhean eile mic dó: Ióbáb, Zibiá, Méiseá, Malcám,
10 Ieúz, Saiciá, Mirmeá. Ba iadsan a chlann mhac, cinn fine.
11 Rug Húisím clann mhac dó chomh maith: Aibítiúb agus Ealpál.
12 Clann mhac Ealpál: Éibir, Miseám, Seimid, an té a thóg Ónó agus Lod lena bhailte máguaird,