1 Áiríodh Iosrael go léir de réir a gcraobha ginealaigh, agus tá siadsan scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá nuair a tugadh iad ar deoraíocht go dtí an Bhablóin de bharr a mídhílse.
2 Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill.
3 Bhí cuid de mhuintir Iúdá, Bhiniáimin, Eafráim, agus Mhanaise ina gcónaí in Iarúsailéim:
4 Útaí mac Aimíohúd, mac Omraí, mac Imrí, mac Bháiní, de chlann Pheiriz mac Iúdá.