12 Adáiá mac Iarochám, mac Phaischiúr, mac Mhilcía; Másai mac Aidíél, mac Iachzaerá, mac Mhisiulám, mac Mhisiléimit, mac Iméir.
13 Bhí míle seacht gcéad agus a seasca laoch tréan dá ngaolta ann, cinn fine, a ghabh de láimh dualgais Theampall Dé.
14 Ar na Léivítigh: Seamaiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, de shliocht Mharáraí;
15 Bacbacar, Heiris, Gálál, Matainiá mac Mhíceá, mac Zicrí, mac Ásáf;
16 Obaidiá mac Sheamaiá, mac Ghálgal, mac Iadútún, agus Beiriciá mac Ásá, mac Ealcáná a chuir fúthu i mbailte na Natófátach.
17 Lucht faire an gheata: Sealúm, Acúb, Talmón, Aichímeán, agus a ngaolta. Tá Sealúm an ceannasaí
18 ina láthair fós ag geata an rí lastoir. Ba iadsan lucht faire gheataí champaí na Léivíteach.