18 ina láthair fós ag geata an rí lastoir. Ba iadsan lucht faire gheataí champaí na Léivíteach.
19 Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a d'fhairidís an tslí isteach ann.
20 Bhí Píneachás mac Eileázár i gceannas orthu tráth, agus bhí an Tiarna lena ais.
21 Bhí Zacairiá mac Mhisilimiá ina gharda ar an ngeata ar an mbealach isteach i mBoth na Teagmhála.
22 Daoine tofa ab ea na gardaí geata go léir ag na tairseacha; bhí dhá chéad agus dháréag díobh ann. Áiríodh iad de réir ginealach ina mbailte. Daingníodh iad i mbun a gcúraim ag Dáiví agus Samúéil an fáidh, de bharr a ndílseachta.
23 Bhíodar féin agus a gclann mhac i bhfeighil gheataí Theampall an Tiarna, teach na Botha.
24 Bhí gardaí na ngeataí ar na ceithre sleasa - thoir, thiar, thuaidh agus theas.