25 Thagadh a ngaolta ó na bailte le bheith i bpáirt leo ar feadh seachtaine ó am go ham.
26 Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé.
27 Chaithidís an oíche i dtimpeallacht theach Dé agus é de dhualgas orthu é a fhaire agus a oscailt gach maidin.
28 Bhíodh cuid acu i bhfeighil gréithe na seirbhíse; níorbh foláir dóibh iad a chomhaireamh nuair a thógtaí amach iad agus nuair a chuirtí ar ais isteach iad.
29 Bhíodh a thuilleadh acu i bhfeighil an troscáin agus na soithí naofa go léir, na mine míne, an fhíona, na hola, na túise, na spíosraí.
30 Ba shagairt an mhuintir a d'ullmhaíodh meascán na spíosraí.
31 Maititiá, duine de na Léivítigh, céadghin Shealúm, Corachach, leagadh de dhualgas air, de bharr a dhílseachta, na habhlanna, a bhruití san oigheann, a ofráil.