37 Gador, Aichió, Zacairiá, Micleot -
38 eisean athair Shimeám. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta i Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta.
39 Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál.
40 Meirí Bál mac Iónátán. Ghin Meirí Bál Míceá.
41 Clann mhac Mhíceá: Píteon, Meilic, Tairéa, [Áchaz].
42 Ghin Áchaz Iará; ghin Iará Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá.
43 Ghin Mózá Bineá; Rafáiá a mhac; Eileásá a mhacsan, Ázael a mhacsan.