5 De na Síolónaigh: Asáiá an chéadghin agus a chlann mhac.
6 De chlann mhac Zearach: Iúéil agus a ngaolta: sé chéad nócha.
7 De chlann Bhiniáimin: Sallú mac Mhisiulám, mac Hódaiviá, mac Hasanuá,
8 Ibniá mac Iarochám, Éalá mac Uizí, mac Mhicrí, Misiulám mac Shafaitiá, mac Reúél, mac Ibníá.
9 Bhí naoi gcéad caoga sé dá ngaolta ann, iad áirithe de réir a gcraobha ginealaigh. Ceann fine ab ea gach duine díobhsan ar a mhuintir féin.
10 De na sagairt: Iadaiá, Iahóiáraíb, Iáicín,
11 Azairiá mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire theach Dé;