13 Óir nuair a shroich a gceannaire an Pheirs le harm a dhealraigh a bheith dochloíte, gearradh óna chéile iad i dteampall Nanaeá trí ghliceas a d'imir na sagairt a bhí ag freastal ar Nanaeá.
14 Lig Aintíochas air go raibh sé ag déanamh cleamhnais léi agus tháinig sé ansiúd lena chairde d'fhonn formhór na seod a bhreith leis mar spré.
15 Leag sagairt Nanaeá na seoda amach ar taispeáint agus chuaigh seisean isteach laistigh de bhalla an tearmainn naofa. A luaithe a tháinig Aintíochas isteach ar bheagán slua, dhún siad an teampall,
16 d'oscail an doras folaigh sa tsíleáil, agus chaith anuas clocha ina mbarthanach agus threascair an ceannaire agus a chuid fear, ghearr ina spólaí iad, bhain na cinn díobh, agus chaith amach go dtí an mhuintir amuigh iad.
17 Gura beannaithe i ngach slí ár nDia a thug breith ar lucht na haindiagachta.
18 Táimid ar tí íonghlanadh an Teampaill a chomóradh ar an gcúigiú lá fichead de Chisléu agus shíleamar nár mhór sin a chur in iúl daoibhse i dtreo go ndéanfadh sibhse freisin féile na dTaibearnacal a cheiliúradh, agus féile na Tine a deonaíodh nuair a bhí an Teampall tógtha ag Nihimiá agus gur ofráil sé íobairtí.
19 Óir nuair a bhí ár sinsir á seoladh ina mbránna chun na Peirse, thóg sagairt dhiagaithe na linne cuid de thine na haltóra, agus chuir i bhfolach í i gcuasán umair thirim, agus cheil siad í chomh cairéiseach sin nárbh eol an áit d'aon duine.