2 Macabaech 11 ABN

Feachtas Lisias

1 Go han-ghairid ina dhiaidh sin tháinig fearg ar Lisias, oide agus gaol an rí a bhí i bhfeighil a ghnóthaí, i dtaobh ar tharla;

2 agus bhailigh sé timpeall ochtó míle troitheach, agus a mharcshlua go léir agus tháinig d'fhonn na Giúdaigh a ionsaí le hintinn áit chónaithe do Ghréagaigh a dhéanamh den chathair,

3 agus cáin a thobhach ar an Teampall mar a rinne ar áiteanna naofa náisiún eile, agus an ardsagartacht a chur ar díol gach bliain.

4 Níor chuir sé cumhacht Dé san áireamh ar aon chor, ach é lán de mhuinín ina dheicheanna de mhílte troitheach, ina mhílte marcach agus ina ochtó eilifint.

5 Ghabh sé isteach in Iúdáia agus dhruid le Béit Zúr, láthair dhaingean timpeall [fiche míle] ó Iarúsailéim, agus luigh sé go dian air.

6 Nuair a fuair an Macabaech agus a chuid fear scéala go raibh [Lisias] ag cur léigir ar na daingin, chrom siad féin agus an pobal go léir ar ghuí chun an Tiarna le holagón agus le deora á impí air aingeal maith a chur le hIosrael a fhuascailt.

7 Ba é an Macabaech féin an chéad fhear a ghabh chuige a chuid airm, agus spreag sé an chuid eile chun a n‑anam a chur i mbaol ina theannta ag fóirithint ar a mbráithre; ansin d'imigh siad leo amach de ruathar le chéile.

8 Bhí siad fós i gcóngar Iarúsailéim nuair a dhealraigh marcach os a gcomhair, é in éide gheal agus airm óir ina lámha.

9 Mhol siad go léir Dia na trócaire le chéile, agus bhí a leithéid de mhisneach ina gcroí go raibh siad réidh leis na hainmhithe is allta nó ballaí iarainn a leagan ar lár chomh maith le daoine daonna.

10 Ghluais siad ar aghaidh in eagar catha le cabhair óna gcomhghuaillí ó neamh mar rinne an Tiarna trócaire orthu.

11 Thug siad fogha faoina naimhde ar nós na leon agus leag siad ar lár aon mhíle déag troitheach, agus sé chéad déag marcach, agus chuir an teitheadh ar an gcuid eile go léir.

12 D'éirigh lena bhformhór seo éalú ach iad gonta, gan arm. Tháinig Lisias féin slán trí theitheadh leis go náireach.

Déanann Lisias Síocháin

13 Ní raibh [Lisias] gan tuiscint agus rinne sé a mhachnamh ar an treascairt a fuair sé agus thuig sé go raibh na hEabhraigh dochloíte mar go raibh Dia na gcumhacht ag troid ar a dtaobh. Chuir sé teachtaireacht chucu dá bhrí sin

14 agus d'áitigh orthu gach ní a shocrú ar choinníollacha córa, á gheallúint go meallfadh sé fiú an rí féin chun caradais leo.

15 Ní raibh ach an mhaith choiteann ag déanamh imní don Mhacabaech, agus réitigh sé le gach ar mhol Lisias. Gach iarratas a chuir an Macabaech i láthair Lisias i scríbhinn ar son na nGiúdach, dheonaigh an rí iad.

16 Seo é téacs na litreach a scríobh Lisias chun na nGiúdach:Beatha agus sláinte ó Lisias chun an phobail Ghiúdaigh.

17 Chuir Eoin agus Aibseálóm, bhur dtoscairí, an teachtaireacht a shínigh sibh faoi mo bhráid, á impí a bhfuil inti a dheonú.

18 Chuir mé faoi bhráid an rí gach ar ghá a chur faoina bhráid agus d'aontaigh sé le gach arbh fhéidir.

19 Má mhaireann bhur ndea-thoil i leith an rialtais, déanfaidh mé mo dhícheall as seo amach bhur leas a chur chun cinn.

20 Maidir leis na nithe seo agus a mionsonraí, thug mé ordú do [na toscairí] seo agus do m'ionadaithe dul i gcomhairle libh fúthu.

21 Slán agaibh. An bhliain céad daichead a hocht, an ceathrú lá fichead de mhí Dioscoirintias.

22 Seo mar a ghabh litir an rí:Beatha agus sláinte ón rí Aintíochas chun a bhráthar Lisias.

23 Ós rud é go bhfuil ionad i measc na ndéithe bainte amach ag ár n‑athair, is é ár dtoil go bhfágfaí géillsinigh ár ríochta i bhfeighil a gcúraimí féin gan cur isteach orthu.

24 Tá sé cloiste againn nach réitíonn na Giúdaigh leis an athrú go nósanna Gréagacha a chuir ár n‑athair i bhfeidhm, ach gur fearr leo a mbéascna féin, agus go n‑impíonn siad go gceadófaí a nósanna féin dóibh.

25 Dá réir sin, ós rud é gur mian linn go mbeadh an cine seo freisin saor ó chiapadh, is é ár mbreith an Teampall a thabhairt ar ais dóibh, agus go mairfidís de réir nósanna a sinsear.

26 Tá sé chomh maith agat dá bhrí sin scéala a chur chucu agus deaslámh an chairdis a shíneadh chucu, i dtreo go mbeadh eolas acu ar ár bpolasaí, go mbeadh misneach acu agus go rachaidís ar aghaidh lena ngnóthaí féin go sona sásta.

27 Mar seo a ghabh litir an rí chun an chine Ghiúdaigh:Beatha agus sláinte ón rí Aintíochas chun seanad na nGiúdach agus chun na nGiúdach eile.

28 Má tá sibh ar fónamh, is mar sin is fearr linn. Táimidne freisin faoi mhaise na sláinte.

29 Chuir Meanalás in iúl dúinn gur mian libh filleadh abhaile agus aire a thabhairt do bhur gcúraimí féin.

30 Dá bhrí sin an mhuintir go léir a fhillfidh abhaile faoin tríochú lá de Xantacas, beidh geall ár gcairdis acu agus cead iomlán

31 ag na Giúdaigh a mbia féin a chaitheamh agus feidhm a bhaint as a ndlíthe féin mar a dhéanaidís cheana; ní chuirfear isteach ná amach ar aon duine díobh de bharr aon ní a rinne sé trí aineolas.

32 Chuir mé Meanalás freisin chun misneach a chur oraibh.

33 Slán agaibh. An bhliain céad daichead a hocht, an cúigiú lá déag de Xantacas.

34 Chuir na Rómhánaigh litir chucu chomh maith; mar seo leanas a ghabh sí:Beatha agus sláinte ó Chiuntas Meimias agus ó Thíotas Mainias, toscairí ó na Rómhánaigh, go dtí an pobal Giúdach.

35 Cibé rud a dheonaigh Lisias gaol an rí daoibh, aontaímidne leis freisin.

36 Maidir leis na nithe a bheartaigh sé a chur faoi bhráid an rí, déanaigí iad a phlé go cáiréiseach agus seolaigí duine éigin gan mhoill i dtreo go ndéanfaimis cinneadh mar a d'oirfeadh daoibh. Mar táimid ar tí imeacht go hAintíoch.

37 Déanaigí deifir dá bhrí sin agus cuirigí dream chugainn le go mbeadh fios bhur n‑aigne againn.

38 Slán agaibh. An bhliain céad daichead a hocht, an cúigiú lá déag de Xantacas.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15