2 Macabaech 6 ABN

Págánachas Éigeantach

1 Go luath ina dhiaidh sin chuir an rí seanóir ón Aithin chun a chur d'iallach ar na Giúdaigh dlíthe a sinsear a thréigean, scor de bheith ag maireachtáil de réir dhlíthe Dé,

2 an Teampall in Iarúsailéim a thruailliú agus é a thíolacadh do Shéas Oilimpeach, agus an ceann i nGirizím do Shéas, pátrún na ndeoraithe, faoi mar a [d'éiligh] an mhuintir a bhí ag cur fúthu san áit sin.

3 Ba gharbh agus ba dho-iompair ar fad é ionsaí na hurchóide.

4 Líon na gintlithe an Teampall le ragairne agus le drabhlás, agus iad ag suirí le meirdreacha, agus ag luí le mná sna háiteanna beannaithe, agus nithe nár chuí á mbreith isteach le híobairt acu.

5 Bhí an altóir ualaithe le hofrálacha íobarthach gráiniúil a bhí coiscthe ag na dlíthe.

6 Ní fhéadfadh duine an tsabóid a choimeád, féilte na sinsear a cheiliúradh, ná fiú a admhail gur Giúdach é.

7 Chuirtí d'iallach ar na [Giúdaigh] le láimh láidir dhian na hionathair íobartha a ithe an lá sa mhí ina gceiliúrtaí breith an rí;

8 nuair a tharlaíodh feile le Díonaíosas, chuirtí d'iallach orthu máirseáil i mórshiúl in onóir Dhíonaíosas agus fleasca eidhneáin á gcaitheamh acu. Tugadh fógra do na cathracha Gréagacha ina gcóngar, le treoir ó Ptoilimí, an cor céanna a thabhairt ar na Giúdaigh agus iallach a chur orthu a bheith páirteach sna híobairtí,

9 agus an mhuintir nach mbeadh sásta glacadh dá ndeoin le nósanna Heilléanacha a chur chun báis. Bhí an ainnise a tháinig sa mhullach orthu soiléir don saol.

10 Cuireadh i leith beirt bhan, abair, go ndearnadar a leanaí a thimpeallghearradh. Máirseáladh go poiblí tríd an gcathair iad agus a leanaí ag siolpadh a gcíoch, agus ansin caitheadh ceann ar aghaidh le ballaí na cathrach iad.

11 Bhí a thuilleadh acu a chuaigh i bhfolach i bpluaiseanna sa chomharsanacht leis an seachtú lá a choimeád naofa gan fhios, ach braitheadh iad le Pilib, agus loisceadh le chéile iad mar gur choisc a gcráifeacht orthu iad féin a chosaint, bhí an oiread sin urraime acu do naofacht an lae.

12 Impím anois ar lucht léite an leabhair seo, ná cuireadh tubaistí mar sín díomá orthu, ach a thuiscint nach é is aidhm dóibh ár muintir a scriosadh ach iad a smachtú.

13 Gan scaoileadh leis na héagráifigh ar feadh i bhfad, ach díoltas a imirt orthu gan mhoill, sin comhartha mórchneastachta.

14 Óir i gcás na náisiún eile, fanann an Tiarna go foighneach gan pionós a imirt orthu nó go líontar tomhas a bpeaca go béal; ach a mhalairt a bheartaigh sé a dhéanamh linne,

15 d'fhonn nach ndéanfadh sé díoltas a imirt orainn níos déanaí nuair a bheadh ár bpeacaí i mbuaic a réime.

16 Dá réir sin ní dhiúltaíonn sé a thrócaire riamh dúinn; ceartaíonn sé sinn le tubaistí, ach ní thréigeann sé a phobal féin.

17 Bíodh a bhfuil ráite mar chuimhneachán againn; ní foláir dúinn dul ar aghaidh leis an scéal go hachomair.

Eileázár Martar

18 Bhí Eileázár, duine de phríomhúinteoirí an dlí, anonn go maith sna blianta agus dreach sáruasal air. Bhíothas á chur d'fhiacha air a bhéal a oscailt agus muiceoil a shlogadh.

19 Ach b'fhearr leis bás a fháil faoi onóir ná bheith beo faoi náire. Chuaigh sé chun a chéasta as a stuaim féin agus é ag caitheamh amach na feola as a bhéal,

20 mar is dual d'fhear an mhisnigh diúltú don rud nach dleathach a bhlaiseadh, fiú má chuireann sé a bheatha féin i mbaol.

21 An mhuintir a bhí i gceannas ar an bhfleá náireach, bhí seanaithne acu air. Thugadar i leataobh é agus mhol dó go príobháideach fios a chur ar fheoil dá chuid féin ba chead dó a ithe, agus a ligean air go raibh sé ag ithe feoil na híobartha mar a d'ordaigh an rí.

22 Bheadh ar a chumas an bás a sheachaint ach leas a bhaint as an gcineáltas sin a bhí bunaithe ar an seanchairdeas eatarthu.

23 Ach bhí an seasamh uasal a ghlac sé ar aon chéim lena aois mhór agus leis an ngradam a bhí tuillte go maith aige i ndeireadh a shaoil; bhí sé freisin de réir na beatha gan cháim a bhí caite aige óna óige anall, agus thar gach rud eile bhí sé de réir an dlí naofa a tháinig ó Dhia féin. Nocht sé a thuairimí go poiblí, á rá leo é a chur chun báis láithreach.

24 “Cur i gcéill den saghas sin,” ar seisean, “ní oireann sé don aois atá agamsa, le heagla go measfadh go leor daoine óga gur ghéill Eileázár in aois a nócha bliain do mhodh beatha na gcoimhthíoch;

25 agus, de bhrí go ndéanfainn an cur i gcéill seo ar mhaithe le seal beag bídeach ar an saol seo, go gcuirfí iad féin ar strae mar gheall ormsa; ní dhéanfainn ach smál agus náire a tharraingt orm féin i mo sheanaois.

26 Fiú dá seachnainn féin go sealadach pionós ó dhaoine, níorbh fhéidir liom, beo ná marbh, éalú ó láimh Dé uilechumhachtaigh.

27 Dá bhrí sin, má tá sé d'fhearúlacht ionam an bheatha seo a scaoileadh uaim anois díreach, taispeánfaidh mé gur fiú mo sheanaois mé,

28 agus fágfaidh mé sampla uasal ag an óige den bhealach inar ceart bás naofa a fhulaingt go cíocrach fáilteach ar son dhlíthe beannaithe na sean.”Nuair a bhí an méid sin ráite aige chuaigh sé caol díreach chun a chéasta.

29 An mhuintir a raibh dea-chroí acu dó ó chianaibh, thiontaigh siad ina aghaidh tar éis na cainte sin nach raibh inti, a mheas siad, ach deargbhuile.

30 Agus é ar tí bás a fháil faoi na buillí lig sé cnead os ard as agus dúirt: “Tá eolas naofa ag an Tiarna agus feiceann sé go soiléir, cé go bhféadfainn éalú ón mbas, cibé scéal é ag an gcéasadh dian ar mo chorp atáim a fhulaingt de bharr na greasála seo, go bhfuil lúcháir ar m'anam bheith ag fulaingt de bharr na hurraime atá agam dó.”

31 Sin mar a d'éag sé agus d'fhág sé a bhás mar shampla den uaisleacht agus mar theist ar an tsuáilce, ní amháin don óige ach do thromlach mór an naisiúin chomh maith.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15