1 Sa bhliain céad daichead a naoi, tháinig scéala go Iúdás agus a chuid fear go raibh Aintíochas Eopatór ag teacht le harm mór in aghaidh Iúdáia,
2 agus Lisias a oide agus a phríomhaire ina theannta; bhí fórsa Gréagach de chéad agus a deich míle troitheach agus cúig mhíle trí chéad marcach, dhá eilifint ar fhichid, agus trí chéad carbad spealach ag gach duine díobh.
3 Ghabh Meanalás leo freisin agus bhí sé ag griogadh Aintíochas le barr fimínteachta mar gur mheas sé go ndaingneofaí ina oifig é, agus ní ar mhaithe lena thír féin.
4 Ach ghríosaigh Rí na Ríthe fearg Aintíochas in aghaidh an scraiste, agus nuair a chuir Lisias in iúl dó gurbh é siúd faoi deara an tranglam go léir, d'ordaigh sé é a bhreith go Bearoia agus é a chur chun báis mar is nós a dhéanamh san áit sin.
5 Óir tá túr san áit sin atá caoga banlámh ar airde agus é lán de luaithreach; agus tá ciumhais timpeall air agus fána ghéar uaidh ar gach taobh isteach i dtreo an luaithrigh.
6 An té a dhaorfaí i gcoir naomhthruaillithe nó a bheadh tromchiontach i gcoireanna áirithe eile, [tugann siad in airde é], agus ropann siad go léir ar aghaidh chun a ídithe é.
7 Tháinig sé de chor sa saol gur mar sin a fuair an ropaire Meanalás bás, gan fiú adhlacadh sa chré.
8 Agus ní raibh ansin ach lomlán an chirt; mar is iomaí peaca a rinne sé in aghaidh na haltóra ar naofa í a tine agus a luaithreach, ach fuair sé bás sa luaithreach.
9 Bhí an rí ar a bhealach agus a chroí ag borradh le bearta barbartha agus é ar aigne aige nithe i bhfad níos measa ná mar a bhí déanta ag a athair a nochtadh os comhair a súl do na Giúdaigh.
10 Ach nuair a chuala Iúdás é sin, d'ordaigh sé don phobal glaoch ar an Tiarna de lá agus d'oíche, teacht i gcabhair, anois nó riamh, ar an muintir a rabhthas ar tí idir dhlí agus thír agus Theampall naofa, a bhaint díobh,
11 agus gan a ligean don mhuintir nach raibh ach ag teacht chucu féin titim isteach i lámha na ngintlithe diamhaslaitheacha.
12 Nuair a bhí rud déanta acu go léir le chéile air, agus gur chuir siad a n‑achainí chun Tiarna na trócaire, ag caoineadh, ag troscadh agus ag sléachtadh go talamh, gan staonadh, ar feadh trí lá, ghríosaigh Iúdás iad agus d'ordaigh dóibh a bheith ullamh ar láimh.
13 Chuaigh sé i gcomhairle leis na seanóirí ar leithligh agus ansin bheartaigh sé gan feitheamh leis an rí a theacht isteach in Iúdáia agus seilbh a fháil ar an gcathair, ach máirseáil amach agus an gnó go léir a shocrú le cabhair Dé.
14 D'fhág sé an toradh dá bhrí sin faoi Chruthaitheoir na Cruinne, ghríosaigh a chuid fear chun troid go cróga go bás ar son dlíthe, agus Teampaill agus tír dhúchais, agus maithe coitinne; agus ansin shuigh sé a longfort láimh le Móidín.
15 Thug sé “bua Dé” mar fhocal faire dá chuid fear, agus thug sé ionsaí san oíche ar bhoth an rí le fórsa tofa de na curaidh óga ba chalma; mharaigh sé suas le dhá mhíle fear sa champa, agus ghoin sé an eilifint ba cheannasaí agus a marcach.
16 Faoi dheireadh bhí an campa ina chíor thuathail le scéin agus clampar agus chúlaigh sé faoi bhua.
17 Tharla sin le breacadh an lae cheana féin mar bhí cabhair Dé á chumhdach.
18 Bhí blaiseadh faighte ag an rí anois de chrógacht na nGiúdach, agus dá bhrí sin bheartaigh sé a láithreacha a ionsaí go straitéiseach.
19 Ghluais sé in aghaidh Bhéit Zúr, dún daingean leis na Giúdaigh; tiomáineadh ar gcúl é; d'ionsaigh sé arís, ach buadh air.
20 Sheol Iúdás a raibh de dhíth orthu isteach go dtí an garastún.
21 Ach Rodocas, duine ó arm na nGiúdach, thug sé faisnéis rúnda do na naimhde; chuathas sa tóir air, gabhadh é agus cuireadh i gcarcair é.
22 Phléigh an rí coinníollacha síochána den dara huair le muintir Bhéit Zúr; rinne sé gill síochána a thairiscint agus a ghlacadh; chúlaigh sé, d'ionsaigh Iúdás agus a chuid fear ach briseadh air.
23 Fuair sé scéala ansin go ndearna Pilib, an té a fágadh i bhfeighil an rialtais in Aintíoch, ceannairc; baineadh creathadh as; ghlaoigh sé chuige ar na Giúdaigh, ghéill dá n‑éilimh, mhionnaigh a gcearta go léir a aithint, rinne síocháin leo, d'ofráil íobairt, thug urraim don sanctóir agus tabhartais fhiala don áit naofa.
24 Ghlac sé chuige an Macabaech, d'fhág Héagamonaidéas mar ghobharnóir ó Ptolamais go dúiche na nGearárach,
25 agus d'imigh leis go Ptolamais. Bhí muintir Ptolamais míshásta faoin gconradh; bhí an oiread sin feirge orthu gur theastaigh uathu a théarmaí a chealú.
26 Chuaigh Lisias ar an stáitse poiblí, rinne togha áitimh, shásaimh iad, ghnóthaigh a ndea-mhéin, agus d'imigh leis go hAintíoch.Sin mar a bhí ag ionsaí an rí agus a chúlú.