2 Macabaech 12 ABN

Iopa agus Iaimnía

1 Nuair a bhí na socruithe seo déanta, d'fhill Lisias ar an rí agus chuaigh na Giúdaigh i mbun saothrú na talún arís.

2 Ach cuid de na gobharnóirí in áiteanna ar leith - Tiomóid, Apollóinias mac Gheannaes, agus Iaróm agus Déamofón agus Niocánór gobharnóir na Cipire chomh maith céanna, ní ligfidís dóibh maireachtáil go socair síochánta.

3 Agus rinne cuid de mhuintir Iopa a leithéid seo d'anfhorlann: thugadar cuireadh do na Giúdaigh a bhí ina gcónaí ina measc dul ar bord long a bhí ullamh lámh leo, agus a mná agus a leanaí ina dteannta, amhail is nach raibh aon drochaigne acu ina leith.

4 Rinneadh é sin trí vóta poiblí sa chathair. Nuair a ghlac [na Giúdaigh] leis an gcuireadh, ós rud é gurb í an tsíocháin a bhí uathu agus nach raibh aon amhras orthu, thugadar siúd amach faoin bhfarraige iad agus chuir go tóin poill iad, dhá chéad díobh nó breis.

5 Nuair a chuala Iúdás faoin íde dhanartha a imríodh ar a mhuintir, thug sé ordú dá chuid fear,

6 agus ghlaoigh ar Dhia, an breitheamh cóir, agus d'ionsaigh dúnmharfóirí a bhráithre. Chuir sé an cuan trí thine san oíche, dhóigh an loingeas, agus chuir chun báis gach duine a bhí ag lorg dídine ann.

7 Ansin de bhrí go raibh geataí na cathrach iata, d'imigh sé leis agus é ar intinn aige teacht arís agus cuallacht uile Iopa a scriosadh.

8 Ach nuair a chuala sé go raibh sé ar aigne ag muintir Iaimnía na Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ina measc a dhíothú sa tslí chéanna,

9 d'ionsaigh sé muintir Iaimnía san oíche agus chuir an cuan agus an cabhlach trí thine, i dtreo go raibh lonradh na lasracha le feiceáil in Iarúsailéim, [tríocha míle] ó bhaile.

Feachtas Ghileád agus Cath Charnaím

10 Nuair a bhíodar imithe [breis agus míle] ón áit sin, ar a mbealach in aghaidh Thiomóid, rinne breis agus cúig mhíle Arabach is cúig céad marcach leo, ionsaí orthu.

11 Troideadh go dásachtach agus bhí an bua ag Iúdás agus a chuid fear le cabhair Dé; nuair a bhí buaite ar na fánaithe, d'impigh siad ar Iúdás deaslamh an chairdis a shíneadh chucu á gheallúint go dtabharfaidís eallach agus gach sórt eile cabhrach [dá mhuintir].

12 Tuigeadh do Iúdás go mbeidís áisiúil dáiríre ar a lán slite, agus bheartaigh sé síocháin a dhéanamh leo; mhalartaigh siad gill le chéile agus d'imigh siadsan chun a mbothanna.

13 D'ionsaigh sé cathair áirithe freisin a bhí daingnithe le claíocha agus le ballaí, agus gach sórt gintlithe ina gcónaí inti; sé ainm a bhí uirthi ná Caispin.

14 An mhuintir a bhí laistigh, bhí muinín acu as neart na mballaí agus as a soláthairtí; bhíodar á n‑iompar féin go sotalach i leith Iúdáis agus a chuid fear, ag fonóid fúthu, agus ag caitheamh diamhaslaí agus eascainí leo.

15 Ach ghlaoigh Iúdás agus a chuid fear ar Rí mór na cruinne, an té sin a threascair Ireachó le linn Iósua, gan reithe ná inneall cogaidh, agus thug siad ruathar fíochmhar faoi na ballaí.

16 Ghabh siad an chathair de dheonú Dé agus chuir líon gan áireamh chun báis i dtreo gur thaibhsigh an loch láimh leo a bheith ag cur thar maoil le fuil cé go raibh sé dhá staid ar leithead.

17 Nuair a bhíodar [nócha cúig mhíle] ar aghaidh ón áit sin tháinig siad go Charax, go dtí na Giúdaigh ar a dtugtar Túibiánaigh.

18 Ní bhfuair siad Tiomóid sa dúiche sin, mar faoin am sin bhí sé imithe leis ón dúiche gan aon ní a chur i gcrích ann, ach gur fhág sé garastún an-láidir in aon áit amháin.

19 Dosataes agus Sosapataer, captaein faoin Macabaech, ghluais siad amach agus scrios iad siúd a d'fhág Tiomóid sa daingean, breis agus deich míle fear.

20 Roinn an Macabaech a arm ina dhíormaí agus chuir sé fir i gceannas na ndíormaí agus bhrostaigh sa tóir ar Thiomóid; bhí céad agus a fiche míle troitheach aigesean agus dhá mhíle cúig céad marcach.

21 Nuair a chuala Tiomóid go raibh Iúdás ag druidim leis chuir sé uaidh na mná agus na leanaí agus an bagáiste go dtí áit ar a dtugtar Carnaím, mar bhí an láthair sin deacair le gabháil, agus deacair le dul chuici de bharr cúinge na mbealaí go léir.

22 Nuair a fuarthas radharc ar chéad díorma Iúdáis, tháinig eagla agus scéin ar an namhaid le taibhsiú an té úd a fheiceann gach ní, agus theith siad leo agus chuaigh scaipeadh na mionéan orthu i ngach treo, ionas gur minic a ghoin a gcuid fear féin a chéile, agus gur cuireadh rinn claimhte a chéile iontu.

23 Chuir Iúdás tóir orthu le flosc, agus d'imir faobhar claímh ar na peacaigh agus mharaigh suas le tríocha míle fear.

24 Ghabh Dosataes agus Sosapataer agus a gcuid fear Tiomóid féin. D'impigh sé orthu le barr gliocais é a ligean saor mar go raibh tuismitheoirí a bhformhór agus deartháireacha a lán acu, faoina láimh agus gur gearr an mhoill a bheadh orthu gan é.

25 Gheall sé go sollúnta go ndéanfadh sé iad a thabhairt ar ais slán folláin dóibh, agus dhaingnigh sé an gheallúint le mórán briathra; ansin scaoil siad leis ar mhaithe lena mbráithre a fhuascailt.

26 Ansin ghluais Iúdás in aghaidh Charnaím agus theampall Atargaitis, agus bhásaigh fiche cúig mhíle fear.

Eafrón agus Sciotopoil

27 Nuair a bhí an teitheadh curtha aige ar na naimhde sin, agus iad scriosta aige, mháirseáil sé in aghaidh Eafrón, cathair dhaingean mar a raibh Lisias agus slua mór de gach cine ag cur fúthu. Bhí curaidh óga chalma in eagar catha os comhair na mballaí agus rinneadar cosaint chróga; laistigh mar lámh ar gcúl bhí innill chogaidh agus diúracáin go leor.

28 Ach ghlaoigh na [Giúdaigh] ar an bhFlaith a bhriseann cumhacht a naimhde le barr nirt, agus ghabh siad seilbh ar an gcathair, agus mharaigh suas le cúig mhíle fichead dá raibh inti.

29 Ar aghaidh leo ón áit sin agus bhrostaigh siad go Sciotopoil atá seachtó cúig mhíle ó Iarúsailéim.

30 Ach nuair a dhearbhaigh na Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ansiúd do Iúdás an dea-thoil a thaispeáin muintir Sciotopoil dóibh, agus a chineálta agus a bhí siad leo in am an mhí-áidh,

31 rug siad buíochas leo agus spreag iad a bheith chomh dea-chomharsanach céanna lena gcine as sin amach freisin. Ansin d'imigh siad leo suas go Iarúsailéim mar bhí féile na seachtainí lámh leo.

Bua ar Ghoirgias

32 Tar éis féile na Cincíse, mar a thugtar uirthi, ghluais siad in aghaidh Ghoirgias, ceannasaí Idiúmáia.

33 Tháinig sé amach chun catha a chur orthu le trí mhíle troitheach agus ceithre chéad marcach.

34 Nuair a bhí an cath á chur thit beagán Giúdach.

35 Ach Dosataes áirithe, fear de chuid Bhacaenór, gaiscíoch fir a bhí ar muin capaill, fuair sé greim ar Ghoirgias, rug ar bhrat air, agus bhí á tharraingt leis le teann nirt d'fhonn an mac mallachta a ghabháil ina bheatha; thug marcach de chuid na dTráiceach ruathar faoi, bhris a ghéag, agus d'éirigh le Goirgias éalú go Mairise.

36 De bhrí go raibh Eisdris agus a chuid fear ag troid ar feadh i bhfad agus go raibh tuirse orthu, ghlaoigh Iúdás ar an Tiarna á impí air a thaispeáint gurbh é a gcomhghuaillí é agus a gceannaire sa chath.

37 Ansin chuir sé an gháir chatha agus iomainn suas in ard a ghutha i dteanga a shinsear, agus d'ionsaigh sé lucht leanúna Ghoirgias gan choinne agus chuir an teitheadh orthu.

Leorghníomh do na Mairbh

38 Agus chruinnigh Iúdás a arm agus ar aghaidh leis go hAdulám, agus de bhrí go raibh an seachtú lá den tseachtain buailte leo, rinneadar go léir iad féin a íonghlanadh de réir an nóis agus choimeád siad an tsabóid ansiúd.

39 Lá arna mhárach, mar gur ghá sin faoin am seo, chuaigh Iúdás agus a chuid fear i mbun coirp na muintire a thit a bhreith leo agus a chur lena ngaolta i dtuamaí a sinsear.

40 Ansin fuair siad, faoi ionar gach mairbh, comharthaí naofa íola Iaimnía, rud a choisceann an dlí ar Ghiúdaigh a chaitheamh. Ansin ba léir do chách gurb é sin an fáth gur thit na fir úd.

41 Mhol siad go léir dá bhrí sin slite an Tiarna cheartbhreathaigh, an té a nochtann a mbíonn faoi cheilt.

42 Agus chrom siad ar urnaí, á impí go scriosfaí ar shiúl go hiomlán an peaca a rinneadh. Ghríosaigh Iúdás uasal an pobal le hiad féin a choinneáil saor ó pheaca, mar go bhfaca siad lena súile cinn cén toradh a bhí ar pheaca na muintire a thit.

43 Rinne sé bailiúchán chomh maith uathu ina nduine agus ina nduine, suim dhá mhíle drachma airgid, agus sheol é go Iarúsailéim le soláthar a dhéanamh don íobairt pheaca. Ba mhaith agus b'uasal an mhaise dó sin, agus an t‑aiséirí á chur sa mheá aige.

44 Mar mura mbeadh go raibh sé ag súil leis go n‑éireodh an mhuintir a thit arís, ba dhíomhaoin agus ba bhaoth an rud é a bheith ag guí ar son na marbh.

45 Ach má bhí súil in airde aige don luach saothair éachtach atá i dtaisce dóibh siúd a ghabhann slí na fírinne san fhíréantacht, ba naofa agus ba fhíréanta mar smaoineamh é. Chuir sé an íobairt leorghnímh á hofráil do na mairbh dá bhrí sin d'fhonn go saorfaí iad óna bpeacaí.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15