19 Óir nuair a bhí ár sinsir á seoladh ina mbránna chun na Peirse, thóg sagairt dhiagaithe na linne cuid de thine na haltóra, agus chuir i bhfolach í i gcuasán umair thirim, agus cheil siad í chomh cairéiseach sin nárbh eol an áit d'aon duine.
20 Tar éis roinnt mhaith blianta, nuair ba thoil le Dia é, chuir Nihimiá, le húdarás rí na Peirse, sliocht na sagart a cheil í ar a lorg. Nuair a thug siadsan scéala chugainn nach tine a fuair siad ach lacht ramhar, d'ordaigh [Nihimiá] dóibh cuid den lacht a shúrac amach agus a bhreith leo.
21 Nuair a bhí ábhar na n‑íobairtí curtha amach, d'ordaigh Nihimiá do na sagairt an lacht a chroitheadh ar an adhmad a bhí leagtha air.
22 Rinneadh amhlaidh agus ansin tar éis tamaill dhealraigh an ghrian cé go raibh sí faoi scamall roimhe sin, agus bhladhm lasair mhór, rud a chuir ardionadh ar chách.
23 Fad a bhí an íobairt á dó, bhí na sagairt agus an mhuintir go léir a bhí i dteannta na sagart ag guí, Iónátán ag cur ceann ar an urnaí agus an chuid eile ag freagairt mar aon le Nihimiá.
24 Mar seo a ghabh an urnaí: “A Thiarna, a Thiarna Dia, a chruthaitheoir an uile ní; is uaimhneach agus is tréan, is cóir agus is trócaireach thú; is tú amháin is rí, agus is cúntóir;
25 is tú amháin is fial, is tú amháin is cóir agus is uilechumhachtach síoraí; is tú a fhuasclaíonn Iosrael ó gach olc; is tú a thogh na sinsir agus a choisric iad.