2 Go gcuire Dia ar bhur leas sibh, agus go gcuimhní sé ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób, a shearbhóntaí dílse.
3 Go dtuga sé daoibh go léir croí lena adhradh, agus lena thoil a dhéanamh le barr croí mhóir, le fonn agus le misneach.
4 Go ndéana sé bhur gcroí a oscailt dá dhlí agus dá aitheanta agus go dtuga sé daoibh síocháin.
5 Go dtuga sé cluas do bhur n‑achainíocha agus go ndéana sé cairdeas libh, agus ná déanadh sé sibh a thréigean in uain na hurchóide.
6 Táimidne ag guí ar bhur son anseo anois.
7 I réimeas Dhéimitrias, sa bhliain céad agus a seasca naoi, scríobharmarna, na Giúdaigh, chugaibh sa ghéarchéim agus sa chúngracht a rug orainn tar éis do Iásón agus dá bhuíon an tír bheannaithe agus an ríocht a thréigean,
8 agus an geata a dhó agus fuil neamhchiontach a dhoirteadh. Ghuíomar an Tiarna agus éisteadh linn, agus d'ofrálamar íobairt agus abhlann, agus lasamar na lóchrainn, agus leagamar amach na builíní.