27 Bailigh le chéile ár bpobal scaipthe; fuascail a bhfuil i ndaoirse i measc na ngintlithe; dearc le fabhar ar a bhfuil faoi aithis agus faoi dhímheas; bíodh a fhios ag na gintlithe gur tú is Dia againn.
28 Smachtaigh lucht an leatroim agus lucht an éirí in airde agus an uabhair.
29 Préamhaigh do phobal go daingean i d'áit naofa mar a gheall Maois.”
30 Ansin chan na sagairt na hiomainn.
31 Nuair a bhí ábhar na n‑íobairtí go léir ídithe, d'ordaigh Nihimiá an lacht a bhí fágtha a dhoirteadh ar chlocha móra.
32 Nuair a rinneadh amhlaidh, las bladhm thine, agus slogadh í sa lasair ón altóir ag taitneamh os a comhair.
33 Nuair a leath an scéal, agus gur insíodh do rí na bPeirseach gur thaibhsigh an lacht, lenar loisc Nihimiá agus a lucht leanúna ábhar na híobartha, sa bhall inar chuir na sagairt a díbríodh an tine i bhfolach,