7 I réimeas Dhéimitrias, sa bhliain céad agus a seasca naoi, scríobharmarna, na Giúdaigh, chugaibh sa ghéarchéim agus sa chúngracht a rug orainn tar éis do Iásón agus dá bhuíon an tír bheannaithe agus an ríocht a thréigean,
8 agus an geata a dhó agus fuil neamhchiontach a dhoirteadh. Ghuíomar an Tiarna agus éisteadh linn, agus d'ofrálamar íobairt agus abhlann, agus lasamar na lóchrainn, agus leagamar amach na builíní.
9 Anois, más ea, féachaigí chuige go gcoimeádfaidh sibh féile na dTaibearnacal i mí Chisléu, sa bhliain céad ochtó a hocht.
10 Beatha agus sláinte ó mhuintir Iarúsailéim agus Iúdáia, ón seanad agus ó Iúdás go hAiristeabúlas, oide Ptoilimí rí, fear de shliocht na sagart ungtha, agus do na Giúdaigh san Éigipt.
11 De bhrí gur shaor Dia sinn ó dhainséir mhóra, is mór é ár mbuíochas dó ar son ár bpáirt a ghlacadh in aghaidh an rí,
12 óir eisean a dhíbir iad siúd a chuir cath ar an gcathair bheannaithe.
13 Óir nuair a shroich a gceannaire an Pheirs le harm a dhealraigh a bheith dochloíte, gearradh óna chéile iad i dteampall Nanaeá trí ghliceas a d'imir na sagairt a bhí ag freastal ar Nanaeá.