10 Inseoimid anois cad a tharla faoi Aintíochas Eopatór, mac an fhir éagráifigh úd, agus déanfaimid drochiarsmaí na gcogaí a ríomhadh go hachomair.
11 Nuair a tháinig seisean i gcoróin cheap sé Lisias áirithe i bhfeighil cúrsaí mar phríomhghobharnóir ar an gCoíle Síre agus ar Fhéinícia.
12 Ba é Ptoilimí Macrón, mar a thugtaí air, an chéad ghobharnóir a thug ceart do na Giúdaigh agus rinne sé a dhícheall iad a rialú go síochánta agus cúiteamh a dhéanamh ar son a ndearnadh d'éagóir orthu roimhe sin.
13 Dá bharrsan rinne cairde an rí é a chúisiú i láthair Eopatór; ina theanntasan bhí an t‑ainm brathadóir le clos aige á thabhairt air féin ar gach taobh mar gur thréig sé an Chipir a chuir Fileomaetór faoina chúram, agus gur ghabh sé le hAintíochas Eipifeanaes. Nuair a chuaigh de an urraim ba dhual dá phost a bhaint amach, thóg sé nimh agus chuir deireadh lena shaol.
14 Nuair a rinneadh gobharnóir ar an dúiche sin de Ghoirgias, d'fhostaigh sé fórsa amhas agus d'fhear cogadh gan staonadh ar na Giúdaigh.
15 Ina theanntasan bhí na hIdiúmaeigh ag ciapadh na nGiúdach agus daingin thábhachtacha faoina smacht acu; chuiridís fáilte roimh dhíbearthaigh ó Iarúsailéim agus iad ag iarraidh an cogadh a chothú i gcónaí.
16 Rinne an Macabaech agus a chuid fear achainí phoiblí chun Dé ag impí air troid ar a son, agus ansin rinne siad ruathar faoi dhaingin na nIdiúmaech.