14 Nuair a rinneadh gobharnóir ar an dúiche sin de Ghoirgias, d'fhostaigh sé fórsa amhas agus d'fhear cogadh gan staonadh ar na Giúdaigh.
15 Ina theanntasan bhí na hIdiúmaeigh ag ciapadh na nGiúdach agus daingin thábhachtacha faoina smacht acu; chuiridís fáilte roimh dhíbearthaigh ó Iarúsailéim agus iad ag iarraidh an cogadh a chothú i gcónaí.
16 Rinne an Macabaech agus a chuid fear achainí phoiblí chun Dé ag impí air troid ar a son, agus ansin rinne siad ruathar faoi dhaingin na nIdiúmaech.
17 D'ionsaíodar iad le fuinneamh agus fuair siad seilbh ar na láithreacha, agus chuir an ruaig ar an muintir a bhí ag troid ar an mballa; agus mharaigh siad oiread agus ar éirigh leo teacht orthu, agus d'fhág fiche míle nó breis ar lár marbh.
18 Theith suas le naoi míle ar a laghad isteach in dhá chaisleán a bhí daingean thar cuimse agus gach cóir iontu chun léigear a sheasamh.
19 D'fhág an Macabaech ansiúd Síomón agus Iósaef, fara Zacaes lena fhórsaí, a ndóthain fear chun léigear a chur orthu; agus d'imigh sé féin go dtí áiteanna a raibh breis gá leis.
20 Ach bhí saint chun airgid ar na fir a bhí le Síomón agus ghlac siad breab ó lucht na gcaisleán; thóg siad seachtó míle drachma uathu agus lig siad do chuid díobh éalú.