16 Rinne an Macabaech agus a chuid fear achainí phoiblí chun Dé ag impí air troid ar a son, agus ansin rinne siad ruathar faoi dhaingin na nIdiúmaech.
17 D'ionsaíodar iad le fuinneamh agus fuair siad seilbh ar na láithreacha, agus chuir an ruaig ar an muintir a bhí ag troid ar an mballa; agus mharaigh siad oiread agus ar éirigh leo teacht orthu, agus d'fhág fiche míle nó breis ar lár marbh.
18 Theith suas le naoi míle ar a laghad isteach in dhá chaisleán a bhí daingean thar cuimse agus gach cóir iontu chun léigear a sheasamh.
19 D'fhág an Macabaech ansiúd Síomón agus Iósaef, fara Zacaes lena fhórsaí, a ndóthain fear chun léigear a chur orthu; agus d'imigh sé féin go dtí áiteanna a raibh breis gá leis.
20 Ach bhí saint chun airgid ar na fir a bhí le Síomón agus ghlac siad breab ó lucht na gcaisleán; thóg siad seachtó míle drachma uathu agus lig siad do chuid díobh éalú.
21 Nuair a chuala an Macabaech cad a tharla, thionóil sé ceannairí an phobail agus chuir sé ina leith gur dhíoladar a mbráithre ar airgead trí dhaoine a bhí ag cogaíocht leo a scaoileadh saor.
22 Ansin mharaigh sé lucht an bhraite agus ghabh sé an dá chaisleán gan mhoill.