22 Ansin mharaigh sé lucht an bhraite agus ghabh sé an dá chaisleán gan mhoill.
23 Bhí rith an rása leis ina chúrsaí míleata go léir agus mharaigh sé breis agus fiche míle fear sa dá chaisleán.
24 Tiomóid, fear ar bhuaigh na Giúdaigh air turas roimhe seo, bhailigh sé díorma ollmhór amhas agus chruinnigh marcshlua líonmhar ón Áise; tháinig sé agus é ar intinn aige Iúdáia a ghabháil de ruathar.
25 Nuair a bhí sé ag druidim leo rinne an Macabaech agus a lucht leanúna luaith a chroitheadh ar a gceann, éadach róin a chur faoina gcoim, agus a n‑achainí a chur chun Dé.
26 Shléacht siad chun talún ar na céimeanna os comhair na haltóra agus d'impigh siad air a bheith fabhrach leo, a bheith ina namhaid ag a naimhde, agus ina chéile comhraic ag a gcéilí comhraic féin, faoi mar a mholann an dlí go soiléir.
27 Scoir siad dá n‑urnaí ansin, ghabh chucu a n‑airm, agus ghluais tamall maith ón gcathair agus nuair a tháinig siad i gcóngar an namhad, stad siad.
28 Le deargadh an dá néal, chuaigh an dá arm i ngleic le chéile, arm díobh agus a muinín as Dia chomh maith lena ngaisce féin mar gheall bua agus conáigh; an t‑arm eile agus a mbuile mar cheannasaí orthu sa chath.