26 Shléacht siad chun talún ar na céimeanna os comhair na haltóra agus d'impigh siad air a bheith fabhrach leo, a bheith ina namhaid ag a naimhde, agus ina chéile comhraic ag a gcéilí comhraic féin, faoi mar a mholann an dlí go soiléir.
27 Scoir siad dá n‑urnaí ansin, ghabh chucu a n‑airm, agus ghluais tamall maith ón gcathair agus nuair a tháinig siad i gcóngar an namhad, stad siad.
28 Le deargadh an dá néal, chuaigh an dá arm i ngleic le chéile, arm díobh agus a muinín as Dia chomh maith lena ngaisce féin mar gheall bua agus conáigh; an t‑arm eile agus a mbuile mar cheannasaí orthu sa chath.
29 Nuair a bhí an cath á chur go fiochmhar, dhealraigh don namhaid cúigear fear taibhseach ar muin each le srianta óir agus iad i gceannas na nGiúdach.
30 Bhí siad timpeall ar an Macabaech á chosaint lena n‑éidí agus lena n‑airm, agus á chumhdach ó ghoin, agus iad ag caitheamh gathanna agus saighneáin ar an namhaid, i dtreo gur cuireadh dalladh agus mearbhall agus mí-ord ainnis orthu agus gur teascadh óna chéile iad.
31 Maraíodh fiche míle cúig céad fear mar aon le sé chéad marcach.
32 Theith Tiomóid féin go dtí an dúnfort ar a dtugtar Gazara, ar a raibh cóir an-mhaith chosanta faoi cheannas Chaeraes.