35 Ach le breacadh an chúigiú lá, thug fiche óglach d'arm an Mhacabaeigh ruathar cróga faoin mballa le teann feirge de bharr na ndiamhaslaí; agus threascair siad le forneart gach duine dár theagmhaigh leo.
36 Dhreap a thuilleadh an balla suas ar an tslí chéanna, tháinig i leith a gcúil ar na cosantóirí, agus chuir na túir trí thine; las siad tinte agus dhóigh na diamhaslóirí ina mbeatha. Bhris a thuilleadh na geataí agus scaoil isteach an chuid eile den arm agus ghabh an chathair.
37 Mharaigh siad Tiomóid agus é dulta i bhfolach i sistéal, agus a dheartháir Chaeraes agus Apollofanaes.
38 Nuair a bhí an méid sin go léir curtha i gcrích acu, mhol siad an Tiarna, le hiomainn agus laoithe buíochais mar gur thaispeain sé a leithéid de chneastacht d'Iosrael agus gur thug sé an bua dóibh.