5 Tharla gur ar an lá ceannann céanna a scriosadh an Teampall ag na heachtrannaigh agus a rinneadh íonghlanadh an Teampaill, an cúigiú lá fichead den mhí chéanna, Cisléu is é sin.
6 Cheiliúir siad é ar feadh ocht lá, faoi lúcháir dála féile na dTaibearnacal, agus iad ag cuimhneamh ar conas mar a bhíodar go gairid roimhe sin le linn fhéile na dTaibearnacal, ar seachrán sna sléibhte agus sna pluaiseanna mar ainmhithe fiáine.
7 D'iompair siad géaga gleoite, craobhacha agus pailmeacha, agus thoirbhir iomainn bhuíochais don té a chuir íonglanadh a áite féin i gcrích le séan.
8 Chinneadar freisin le reacht poiblí agus vótáil go ndéanfadh an cine Giúdach go léir na laethanta sin a cheiliúradh gach bliain.
9 Sin é más ea an chríoch a d'imigh ar Aintíochas, ar a dtugtaí Eipifeanaes.
10 Inseoimid anois cad a tharla faoi Aintíochas Eopatór, mac an fhir éagráifigh úd, agus déanfaimid drochiarsmaí na gcogaí a ríomhadh go hachomair.
11 Nuair a tháinig seisean i gcoróin cheap sé Lisias áirithe i bhfeighil cúrsaí mar phríomhghobharnóir ar an gCoíle Síre agus ar Fhéinícia.