1 Trí bliana ina dhiaidh sin fuair Iúdás agus a chuid fear scéala go raibh Déimitrias mac Sheiliúcas tagtha i dtír i gcuan Thriopoil le harm láidir agus le cabhlach,
2 agus go raibh seilbh faighte aige ar an tír agus Aintíochas agus a oide, Lisias, marbh aige.
3 Alcamas áirithe, duine a bhí tráth ina ardsagart, ach a rinne é féin a thruailliú d'aonghnó le linn an éirí amach, tuigeadh dó nach raibh bealach sábhála fanta aige, ná teacht arís ar an altóir naofa;
4 chuaigh sé go dtí Déimitrias rí timpeall na bliana céad caoga a haon agus bhronn air coróin óir agus pailm mar aon le roinnt géaga ológ den sean-nós ón Teampall; cheap sé a shuaimhneas ansin an lá sin.