1 Trí bliana ina dhiaidh sin fuair Iúdás agus a chuid fear scéala go raibh Déimitrias mac Sheiliúcas tagtha i dtír i gcuan Thriopoil le harm láidir agus le cabhlach,
2 agus go raibh seilbh faighte aige ar an tír agus Aintíochas agus a oide, Lisias, marbh aige.
3 Alcamas áirithe, duine a bhí tráth ina ardsagart, ach a rinne é féin a thruailliú d'aonghnó le linn an éirí amach, tuigeadh dó nach raibh bealach sábhála fanta aige, ná teacht arís ar an altóir naofa;
4 chuaigh sé go dtí Déimitrias rí timpeall na bliana céad caoga a haon agus bhronn air coróin óir agus pailm mar aon le roinnt géaga ológ den sean-nós ón Teampall; cheap sé a shuaimhneas ansin an lá sin.
5 Ach fuair sé caoi chun a phlean buile a chur chun cinn nuair a thug Déimitrias cuireadh dó chun na comhairle, agus gur ceistíodh é faoi cad a bhí in aigne agus ar intinn ag na Giúdaigh. D'fhreagair sé:
6 “Na Giúdaigh ar a dtugtar na Hasadaeigh, arb é Iúdás Macabaech a gceannaire, tá cogadh á chothú agus ceannairc á hadhaint acu agus ní ligfidh siad don ríocht dul chun suaimhnis.
7 Sin é faoi deara dom teacht anseo anois agus mo ghlóir shinseartha scartha liom - an ardsagartacht atá i gceist agam -