11 Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite, níorbh fhada an mhoill ar an gcuid eile de chairde an rí a raibh fuath acu do Iúdás, Déimitrias a ghríosú níos mó fós ina aghaidh.
12 Thogh sé gan mhoill Niocánór, an té a bhí i gceannas na n‑eilifintí, agus cheap é ina ghobharnóir ar Iúdáia agus sheol é
13 le horduithe Iúdás a mharú, a chuid fear a scaipeadh, agus Alcamas a insealbhú mar ardshagart ar an Sár-Theampall.
14 Na gintlithe ar fud Iúdáia a theith ó Iúdás chruinnigh siad ina scuainí chun Niocánór, á mheas gur chun a leasa féin a rachadh tubaistí agus ainnise na nGiúdach.
15 Nuair a chuala na Giúdaigh go raibh Niocánór ag teacht agus go raibh na gintlithe le hionsaí, chroitheadar luaith ar a gceann, agus ghuíodar chun an té sin a bhuanaigh a phobal féin go brách agus a chothaíonn a oidhreacht féin i gcónaí lena thaispeántas.
16 Fuair siad ordú óna gceannaire agus d'fhág siad an áit ina raibh siad gan mhoill, agus chuaigh i ngleic leis na namhaid i mbaile ar a dtugtar Deasau.
17 Bhí cath curtha ag Síomón deartháir Iúdáis roimhe sin ar Niocánór, ach de bhrí gur tháinig an namhaid [aniar aduaidh] air, baineadh siar as go fóill.