13 le horduithe Iúdás a mharú, a chuid fear a scaipeadh, agus Alcamas a insealbhú mar ardshagart ar an Sár-Theampall.
14 Na gintlithe ar fud Iúdáia a theith ó Iúdás chruinnigh siad ina scuainí chun Niocánór, á mheas gur chun a leasa féin a rachadh tubaistí agus ainnise na nGiúdach.
15 Nuair a chuala na Giúdaigh go raibh Niocánór ag teacht agus go raibh na gintlithe le hionsaí, chroitheadar luaith ar a gceann, agus ghuíodar chun an té sin a bhuanaigh a phobal féin go brách agus a chothaíonn a oidhreacht féin i gcónaí lena thaispeántas.
16 Fuair siad ordú óna gceannaire agus d'fhág siad an áit ina raibh siad gan mhoill, agus chuaigh i ngleic leis na namhaid i mbaile ar a dtugtar Deasau.
17 Bhí cath curtha ag Síomón deartháir Iúdáis roimhe sin ar Niocánór, ach de bhrí gur tháinig an namhaid [aniar aduaidh] air, baineadh siar as go fóill.
18 Bhí sé cloiste ag Niocánór a chróga agus a bhí Iúdás agus a chuid fear agus a mhisniúla agus a throididís i gcónaí ar son a dtíre dúchais, agus ní chuirfeadh sé réiteach an scéil i bhfiontar an chlaímh.
19 Sheol sé Posadóinias, Teodótas agus Mataitias dá bhrí sin le gealltanais chairdis a thairiscint do na Giúdaigh agus a ghlacadh uathu.