19 Sheol sé Posadóinias, Teodótas agus Mataitias dá bhrí sin le gealltanais chairdis a thairiscint do na Giúdaigh agus a ghlacadh uathu.
20 Rinneadh na coinníollacha a mheá go mion agus d'fhógair an ceannaire dá shluaite iad; agus de bhrí gur léir go raibh siad uile ar aon aigne, d'aontaigh siad leis an gconradh.
21 Ceapadh lá ar a bhféadfadh na ceannairí teacht le chéile ar leithligh; tháinig carbad ar aghaidh ó gach arm agus cuireadh cathaoireacha in airde.
22 Chuir Iúdás fir armtha i láithreacha oiriúnacha d'fhonn aon fheall gan choinne a bheadh á dhéanamh ag an namhaid a chosc. Bhí agallamh acu agus cairdeas dá bharr.
23 D'fhan Niocánór in Iarúsailéim, gan aon ní as an tslí a dhéanamh, agus scaoil sé chun siúil fiú na sluaite a chruinnigh ina scuainí chuige.
24 Choinnigh sé Iúdás i gcónaí lena ais agus bhí an-chion aige air.
25 D'áitigh sé air pósadh agus clann a bheith aige; phós seisean, chuir faoi, agus chaith gnáthshaol.