24 Choinnigh sé Iúdás i gcónaí lena ais agus bhí an-chion aige air.
25 D'áitigh sé air pósadh agus clann a bheith aige; phós seisean, chuir faoi, agus chaith gnáthshaol.
26 Nuair a thug Alcamas faoi deara a chairdiúla a bhí an bheirt, d'imigh sé go Déimitrias le cóip den chonradh a bhí déanta, agus dúirt leis go raibh Niocánór mídhílis don rialtas mar go raibh an cealgaire úd in aghaidh na ríochta, Iúdás, ceaptha aige mar chomharba [air féin].
27 Tháinig fearg ar an rí agus de bhrí gur ghriog tromaíocht bhréige an scraiste úd é, scríobh sé go Niocánór a rá go raibh sé míshásta leis an gconradh agus á ordú dó an Macabaech a sheoladh i ngeimhle go hAintíoch gan mhoill.
28 Nuair a fuair Niocánór an teachtaireacht sin tháinig buaireamh air agus bhí sé an-mhíshásta an conradh a bhriseadh agus gan aon éagóir déanta ag an bhfear.
29 Ós rud é nárbh fhéidir cur i gcoinne an rí, bhí sé ag faire na faille an gnó úd a dhéanamh le gliceas.
30 Ach thug an Macabaech faoi deara go raibh Niocánór níba ghéire ina iompar leis, agus go raibh sé giorraisc ag plé leis thar mar a bhíodh, agus tuigeadh dó nach aon ní fónta a bhí ar chúl na géire seo. Chruinnigh sé chuige roinnt mhaith dá chuid fear dá bhrí sin agus chuaigh ar a choimeád ó Niocánór.