27 Tháinig fearg ar an rí agus de bhrí gur ghriog tromaíocht bhréige an scraiste úd é, scríobh sé go Niocánór a rá go raibh sé míshásta leis an gconradh agus á ordú dó an Macabaech a sheoladh i ngeimhle go hAintíoch gan mhoill.
28 Nuair a fuair Niocánór an teachtaireacht sin tháinig buaireamh air agus bhí sé an-mhíshásta an conradh a bhriseadh agus gan aon éagóir déanta ag an bhfear.
29 Ós rud é nárbh fhéidir cur i gcoinne an rí, bhí sé ag faire na faille an gnó úd a dhéanamh le gliceas.
30 Ach thug an Macabaech faoi deara go raibh Niocánór níba ghéire ina iompar leis, agus go raibh sé giorraisc ag plé leis thar mar a bhíodh, agus tuigeadh dó nach aon ní fónta a bhí ar chúl na géire seo. Chruinnigh sé chuige roinnt mhaith dá chuid fear dá bhrí sin agus chuaigh ar a choimeád ó Niocánór.
31 Nuair a thuig seisean go raibh an fear eile tar éis bob a bhualadh air go cliste, chuaigh sé go dtí an Sár-Theampall naofa le linn do na sagairt a bheith ag ofráil na n‑íobairtí agus d'ordaigh dóibh [Iúdás] a thabhairt suas dóibh.
32 Nuair a mhionnaíodar nach raibh a fhios acu cá raibh an té a bhí á lorg aige,
33 shín sé amach a lámh i dtreo an tsanctóra, agus mhionnaigh mar leanas: “Mura dtugann sibh Iúdás suas mar chime dom, déanfaidh mé tearmann seo Dé a scartáil ó bhonn agus leagfaidh mé an altóir agus déanfaidh mé teampall taibhseach a thógáil do Dhíonaíosas san áit seo.”