31 Nuair a thuig seisean go raibh an fear eile tar éis bob a bhualadh air go cliste, chuaigh sé go dtí an Sár-Theampall naofa le linn do na sagairt a bheith ag ofráil na n‑íobairtí agus d'ordaigh dóibh [Iúdás] a thabhairt suas dóibh.
32 Nuair a mhionnaíodar nach raibh a fhios acu cá raibh an té a bhí á lorg aige,
33 shín sé amach a lámh i dtreo an tsanctóra, agus mhionnaigh mar leanas: “Mura dtugann sibh Iúdás suas mar chime dom, déanfaidh mé tearmann seo Dé a scartáil ó bhonn agus leagfaidh mé an altóir agus déanfaidh mé teampall taibhseach a thógáil do Dhíonaíosas san áit seo.”
34 Nuair a bhí an méid sin ráite aige d'imigh sé leis. Shín an pobal a lámha i dtreo na bhflaitheas ansin, agus ghlaoigh ar chosantóir buan ár gcine á rá:
35 “A Thiarna na n‑uile, nach bhfuil aon ní de dhíth ort, ba thoil leat go mbeadh teampall le háitreabh agat inár measc.
36 Anois, más ea, a Aon Naofa, a Thiarna na naofachta go léir, coinnigh an teach seo a naomhaíodh chomh gairid ó shin gan truailliú go deo.”
37 Rinneadh Razais áirithe, seanóir de chuid Iarúsailéim a ghearán le Niocánór mar dhuine a raibh grá mór aige dá chomhshaoránaigh, a bhí faoi dhea-cháil agus a fuair an teideal Athair na nGiúdach de bharr a chineáltais.