36 Anois, más ea, a Aon Naofa, a Thiarna na naofachta go léir, coinnigh an teach seo a naomhaíodh chomh gairid ó shin gan truailliú go deo.”
37 Rinneadh Razais áirithe, seanóir de chuid Iarúsailéim a ghearán le Niocánór mar dhuine a raibh grá mór aige dá chomhshaoránaigh, a bhí faoi dhea-cháil agus a fuair an teideal Athair na nGiúdach de bharr a chineáltais.
38 Tráth dá raibh, nuair nach raibh aon chaidreamh leis na gintlithe, cuireadh Giúdachas ina leith, agus chuir sé corp agus anam i bhfiontar ar son an Ghiúdachais.
39 D'fhonn an fuath a bhí aige do na Giúdaigh a léiriú, chuir Niocánór breis agus cúig céad saighdiúir lena ghabháil;
40 mar shíl sé dá ngabhfaí eisean go ndéanfadh sé díobháil dóibhsean.
41 Nuair a bhí na trúpaí ar tí an túr a ghabháil agus go raibh doras na cúirte á bhrú isteach acu, agus iad ag éileamh tine a thabhairt agus na comhlaí a chur trí thine, bhí Razais teanntaithe agus chaith sé é féin ar bhéal a chlaímh;
42 b'fhearr leis bás a fháil le honóir ná titim i lámha peacach agus maslaí a fhulaingt nár dhual dá dhúchas uasal.