38 Tráth dá raibh, nuair nach raibh aon chaidreamh leis na gintlithe, cuireadh Giúdachas ina leith, agus chuir sé corp agus anam i bhfiontar ar son an Ghiúdachais.
39 D'fhonn an fuath a bhí aige do na Giúdaigh a léiriú, chuir Niocánór breis agus cúig céad saighdiúir lena ghabháil;
40 mar shíl sé dá ngabhfaí eisean go ndéanfadh sé díobháil dóibhsean.
41 Nuair a bhí na trúpaí ar tí an túr a ghabháil agus go raibh doras na cúirte á bhrú isteach acu, agus iad ag éileamh tine a thabhairt agus na comhlaí a chur trí thine, bhí Razais teanntaithe agus chaith sé é féin ar bhéal a chlaímh;
42 b'fhearr leis bás a fháil le honóir ná titim i lámha peacach agus maslaí a fhulaingt nár dhual dá dhúchas uasal.
43 Le cruas an chomhraic, níor aimsigh sé go cruinn, agus bhí an slua faoin am seo ag brúchtaíl an doras isteach. Rith sé in airde ar an mballa go cróga agus chaith é féin anuas le barr misnigh i measc an tslua.
44 Ach dhruid siadsan i leataobh go tapa, fágadh spás agus thit sé i lár an spáis fholaimh sin.