6 “Na Giúdaigh ar a dtugtar na Hasadaeigh, arb é Iúdás Macabaech a gceannaire, tá cogadh á chothú agus ceannairc á hadhaint acu agus ní ligfidh siad don ríocht dul chun suaimhnis.
7 Sin é faoi deara dom teacht anseo anois agus mo ghlóir shinseartha scartha liom - an ardsagartacht atá i gceist agam -
8 ar dtús mar gur cás agam dáiríre gnóthaí an rí, agus sa dara háit, mar gur cás agam mo chomhshaoránaigh. Óir de bharr baois na muintire a luaigh mé, tá ár gcine go léir faoi shrathair na hainnise.
9 Meáigh na gnóthaí seo go léir go mion, a rí, agus soláthraigh riar a gcáis dár dtír agus dár gcine atá i gcúngrach, mar is dual don chineáltas lena bpléann tú leis an saol mór.
10 Fad a mhairfidh Iúdás níl breith ag an stát ar a bheith faoi shíocháin.”
11 Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite, níorbh fhada an mhoill ar an gcuid eile de chairde an rí a raibh fuath acu do Iúdás, Déimitrias a ghríosú níos mó fós ina aghaidh.
12 Thogh sé gan mhoill Niocánór, an té a bhí i gceannas na n‑eilifintí, agus cheap é ina ghobharnóir ar Iúdáia agus sheol é