1 Chuala Niocánór go raibh Iúdás agus a chuid fear i gcomharsanacht na Samáire agus bheartaigh sé fogha a thabhairt fúthu lá na sabóide nuair nárbh aon bhaol dó féin.
2 Na Giúdaigh ar cuireadh d'iallach orthu é a leanúint, dúirt siad: “Ná scrios iad chomh danartha ná chomh barbartha sin, ach bíodh meas agat ar an lá ar thug an té a fheiceann gach ní ómós dó agus a naomhaigh sé thar gach lá.”
3 Ansin d'fhiafraigh coirpeach na dtrí mallachtaí an raibh rí ar neamh a d'ordaigh lá na sabóide a choimeád.
4 Nuair a d'fhógair siad: “Is é an Tiarna beo féin, an Flaith ar neamh, a d'ordaigh dúinn an seachtú lá a choimeád,”
5 d'fhreagair sé: “Agus is mise, mar fhlaith ar talamh, a ordaíonn daoibh airm a ghlacadh agus gnó an rí a chur i gcrích.” Ach mar sin féin níor éirigh leis a bheartas gráiniúil a chur i bhfeidhm.