10 Nuair a bhí a misneach múscailte aige, thug sé a chuid orduithe, agus feall na ngintlithe agus a mídhílseacht dá mionna á gcur ar a súile dóibh.
11 Ní hí an tsábháilteacht a ghabhann le sciatha agus sleánna a thug sé mar arm do gach duine díobh, ach an misneach a ghineann briathra uaisle. Agus mhúscail sé meanma gach duine le brionglóid - nó faoi mar a bheadh fís - ar a raibh craiceann na fírinne, a aithris.
12 Ba é radharc a chonaic sé: Oinias, ardsagart a bhí, fear uasal cóir, fear mánla iompar agus cneasta meon; fear soilbhir dea-labhartha a raibh oiliúint air óna óige i ngach suáilce - bhí Oinias ansiúd ag guí ar son an chine Ghiúdaigh go léir agus a lámha ar leathadh aige.
13 Ansin thaibhsigh fear eile, ábhar suntais lena cheann liath agus a iompar uasal; bhí dínit agus údarás iontach ag roinnt leis.
14 Chrom Oinias ar labhairt: “Seo fear,” ar sé, “a bhfuil cion aige ar a bhráithre, agus a ghuíonn go fada ar son an phobail, agus na cathrach naofa, Irimia, fáidh Dé.”
15 Shín Irimia a lámh dheas agus thug claíomh óir do Iúdás, agus nuair a bhí sé á thabhairt dó labhair sé mar leanas leis:
16 “Tóg an claíomh naofa seo, bronntanas ó Dhia; déanfaidh tú do naimhde a threascairt leis.”