15 Shín Irimia a lámh dheas agus thug claíomh óir do Iúdás, agus nuair a bhí sé á thabhairt dó labhair sé mar leanas leis:
16 “Tóg an claíomh naofa seo, bronntanas ó Dhia; déanfaidh tú do naimhde a threascairt leis.”
17 Ba uasal iad briathra Iúdáis agus ba mhaith an sás iad chun crógacht agus gaisce a mhúscailt i gcroí na n‑óg; le teann misnigh dá mbarr, bheartaigh siad gan feachtas a fhearadh ach ionsaí fearúil a dhéanamh, agus an scéal a réiteach le comhrac agus gleic go sárchróga mar go raibh cathair, sanctóir agus Teampall i mbaol.
18 Ba é an Teampall coisricthe an chéad ábhar imní, agus an t‑ábhar ba mhó imní, a bhí acu; ba lú mairg leo a mná agus a leanaí, a mbráithre agus a ngaolta.
19 An mhuintir a fágadh sa chathair, níor lú í an imní a bhí orthu mar go raibh siad buartha faoin gcath a bhí le cur faoin mínleach.
20 Bhí gach duine ar bís ag feitheamh le toradh an chatha. Bhí an namhaid cheana féin i gcóngar agus iad in eagar catha, na heilifintí cóirithe go háisiúil, agus an marcshlua in eagar ar na sciatháin.
21 Nuair a chonaic an Macabaech a raibh de shluaite ar a aghaidh amach, an soláthar mór taibhseach arm, agus fíochmhaire na [n‑eilifintí], shín sé a lámha chun neimhe agus ghlaoigh ar Thiarna na bhFeart; bhí a fhios aige nach le neart arm, ach mar is toil leis, a bhronnann sé bua catha ar an muintir a thuilleann é.